Socrú ar an oileán agus roinneadh an talaimh:
Ochtar de chlann Uí Cholla an chéad dream a shocair blianta ina dhiaidh sin agus bhí duine dena mhuintir féin ann, as Mín na Cuinge a chuaigh siad agus roinneadh an talamh idir ochtar acu. Ar dhroim bheithígh a chuaigh siad isteach.
Iascaireacht is mó a bhíodh acu ach ní raibh móran eolais acu ar an cheird ar dtús. D’fhoghlaim siad fríd ama.
Fad: 00:01:53 Éist
Bhí a lán timpistí ar an oileán, scéal faoi theaghlach ón taobh thoir den oileán a chuaigh amach agus bádh an t-iomlán, thart fá 1929. Eolas a bhí ag an sagart faoin timpiste agus stócach beag acu a bhí beo tamall ach a raibh gearradh mór ar a chos agus fuair sé bás ina dhiaidh sin.
Scéal eile, faoi bhád a bhí amuigh ag iascairacht brádáin le dhá dheartháir agus dhá cholceathar air agus a scoilteadh ina dhá leath le bád de chuid na Sasanach. Fuair siad uilig bás ach fear amháin, tógadh sa deireadh é. Colceathar de Dinny, Pádraig Ó Colla ab ainm don fhear sin agus tógadh go Port Rois (Portrush) é.
Fad: 00:05:32 Éist
An dóigh atá an t-oileán leagtha amach ó thaobh creaga agus clocha de. Na scoilteanna agus na clocha. Nádur an talaimh. Féar glas uilig gan cnoic, talamh iontach maith. Cosúil leis an Íoslainn. Tá trá mhór ann agus thig siúl trasna an trá go tír mór. Bhíodh siad ábalta beithígh a thabhairt trasna roimhe seo ach cailleadh cúpla fear ag déanamh seo, scéal faoi fhear acu seo.
Fad: 00:03:33 Éist
A chuimhní ar bhaint na ceilpe ar an oileán.
Fad: 00:01:21 Éist
In am an chogaidh bhíodh a lán lastaí / airteagail ag dul isteach an oileáin ó bháid. Scéalta faoi seo, am a chuaigh lasta rum isteach agus scéal eile faoi mhianach talún (landmine) a phléasc ach níor maraíodh duine ar bith. Bhí mianach talúin eile fosta a bhí amuigh ar an fharraige a tháinig chun talúin. Fuarthas an sagart le paidir a rá agus d'imigh sé soir leis an tsruth sula tháinig sé i dtír, amach ó na tithe.
Fad: 00:04:52 Éist
Rudaí stairiúla faoin oileán:
Fuarthas rudaí ar an oileán a thaispeán go raibh cónaí ar an oileán roimhe:
snáthaidí déanta amach as cnámh, cupaí beaga as cloch, sligeáin, bró as cloch eibhir. Tá balltaí iarainn ina luí ar an oileán fosta a scaoil na Sasanaigh a bhí i mbád amuigh ar an fharraige isteach ar mhuintir an oileáin mar spórt. Tá triúr acu ann.
Tháinig mianach isteach ar an taobh thoir den oileán fosta sna scoilteanna i Scoilt an Chládaigh Fhuil / Aoil ?, bhí na daoine a choinneáil amuigh le maidí go dtí gur aithin siad caide a bhí ann, ansin rith siad ar shiúl. Phléasc sé an tráthnóna sin ach níor dearnadh scrios mór den oileán ach briseadh rudaí istigh ar an tír mór. Chroith sé achan teach ar an oileán agus briseadh cuid mhór. Phléasc sé poll mór sa talamh. Bhí mianach maighnéadach ina dhiaidh sin, cosúil le currach leis an béal buailte faoi, bhí sé sin iontach cóngarach do na tithe. Chuaigh siad chuig an sagart, tháinig siad i dtír fosta ach amach ó na daoine.
Fad: 00:09:15 Éist
Daoine ag fágáil an oileáin, ó bhí am an Ghorta ann. D’imigh daoine go Meiriceá agus na hAstráile. D’imigh a bhunadh féin ag imeacht fosta. Bhí scéim ann do dhaoine le himeacht na hAstráile. Ní raibh béarla ar bith acu ach rinne siad go breá.
Fad: 00:04:30 Éist
Saol an oileáin:
Ag oibriú an talaimh. Ag cur feamnaigh ar an talamh ar na préataí, ag baint feamnaigh thart fá Aoine an Chéasta. préataí a ba mhór a bhíodh acu. Na cineál préataí a bhíodh acu. Bhíodh coirce acu agus bhíodh siad ag déanamh ceilpe fosta.
Bhí teach ann ar a dtugtar an Teach Dearg, ag glanadh agus ag sailleadh scadáin a bhíodh siad ag déanamh ann. D’fhaightí scilling as bairille mór éisc a ghlanadh ann.
Fear as tír mór a bhíodh ag tabhairt earraí ar ‘tick’ ar shon na ceilpe.
Thugtaí na beithígh amach na ceárta le linn rabharta na Feil Pádraig.
Fad: 00:06:24 Éist
Fuair lucht an oileáin ar aghaidh go maith i Meiriceá. Beirt de lucht an oileáin a bhí ina ndamhsóirí. Bhí sé féin 7 mbliana d’aois nuair a bhog a theaghlach anall an oileáin arís. A chuimhní ar an teach agus an saol a bhí acu thall in Meiriceá. ‘The Most Blessed Sacrament’ ainm na scoile a bhí sé air.
Fad: 00:04:41 Éist
Tháinig Dinny amach go Machaire Rabhartaigh na scoile. Cur síos ar an lá a d’fhág sé an oileán ag teacht amach. Bhí sé ag stopadh i dteach in aice na scoile agus bhí cumha iontach air i ndiaidh an bhaile. Bhí dhá oide sa scoil, Seán Mór Hanraí as Gaoth Dobhair nó Croithlí agus Nóra Ní Earcáin as Gort an Choirce. Fear an oileáin a thugtaí ar Dinny. Cur síos ar a am ar an scoil.
Fad: 00:05:33 Éist